Faoi scáth an tSléibhe

Rudadh agus tógadh Tommy i mBaile Uí Murchú. Bhí baint lárnach ag Tommy le Féile Pobail Chnoc na Foinse sa cheantar agus tá 30 bliana caite aige mar chuid de thionscadail forbartha pobail in Iarthar Bhéal Feirste. Bhí baint aige le hIontaobhas Forbartha Uachtar Chluanaí ón tús agus suíonn sé ar an bhord go fóill. Is Bainisteoir é ar Ionad Achmhainní an Phobail atá lonnaithe i mBaile Uí Mhurchú.   Tommy was born and raised in Ballymurphy. He was centrally involved in the Springhill Community Festival from the outset and has spent over 30 years of involvement in many community development projects in...

Rugadh agus tógadh Jim I mBaile Uí Mhurchú. Gabhadh é in aois 22 agus chaith sé 10 mbliana i bpríosún na Ceise Fada. Tá sé gníomhach san obair phobail sa cheantar ó scaoileadh saor é. Is bunaitheoir é do Chumann Spóirt an Phobail sa cheantar agus comhairleoir traenáilte é. Chuaigh sé ag obair le Active Communities i mBéal Feirste in 2015 agus d’fhás an eagraíocht faoina stiúir agus is Comh-Phríomhfheidhmeannach anois é ar an eagraíocht anois é.   Jim was born and raised in Ballymurphy. He was arrested aged 22 and imprisoned in Long Kesh where he spent ten years. He has been...

Rugadh agus tógadh Eilish i mBaile Uí Mhurchú sular bhog sí go Cnoc Dhiarmada agus í posta le Clann a thógáil. D’fhill sí ar an oideachas fad-saoil i dTeach Cnoc na Foinse fá thionchar an tAthair Des Wilson agus d’éirigh go hiontach léi. Chríochnaigh sé mar léachtóir ollscoile in Ollscoil Uladh le spéisialtóireacht in staidéar na mban agus forbairt pobail. Is ball gníomhach anois ii don Ghrúpa Comhraití Bunreachtúla atá ag gníomhú ar chéist Reifreann ar son Éire Aontaithe. D’fhoilsigh sí leabhar filíochta le déanaí, Ballymurphy Poems.   Eilish was born and raised in the Ballymurphy before moving to Dermotthill after she was...

Rugadh agus tógadh Pádraig i bPáirc Chluanaí sa cheantar agus bhí sé ar dhuine den chéad ghlúin ón cheantar  a d’fhreastal ar Bhunscoil Phobal Feirste. Is gníomhaí pobail agus spóirt é atá mar mhúinteoir Shinsearach I gColáiste Feirste agus ina bhunaítheoir ar Phéil na mBan ag cumann Ghort na Móna.   Pádraig was born and reared in Springfield Park in the area and was amongst the first cohort in the area to attend Bunscoil Phobal Feirste. He is a well know community and sporting activist who is a senior teacher in Coláiste Feirste and a founder member for the Ladies Gaelic Football...

Rugadh agus tógadh Gerry in oirthear na cathrach ach bogadh teaghlach s’aige go Loiste na Móna sna luath seascaidí. Gabhadh Gerry in 1972 agus daoradh chuig Cásanna na Ceise Fada é go dtí 1976. Bhí sé gníomhach i bhforbairt pobail i gceantar Loiste na Mónaó shin. Chuir se cúigear páistí fríd an Ghaeloideachas agus bhí dlúthbhaint aige san fheachtas ar son stádais do Mheánscoil Feirste. Is ball fadbhunaithe é do Chumann na Meirleach ar Bhóthar Bhaile Andarsan agus is Rúnaí é ar an chumann go fóill.   Gerry was born in East Belfast and his family was moved to Turf Lodge in...

Rugadh agus tógadh Niall I gCnoc Dhiarmada sa cheantar. Is gníomhaí pobail agus spóirt aitheanta é ata mar bhainisteoir ar Fhoireann Óige agus Pobail d’Iontaobhas Forbartha Uachtar Chluanaí agus é lonnaithe anois in Ionad Pobail Newhill mar bhainisteoir. Is ball gníomhach é do Ghort na Móna CLG.   Niall was born and raised in Dermotthill in the area. He is a well known community and sporting activist and is the manager of the Upper Springfield Development’s Trust Youth and Community services team and is based in Newhill Youth and Community centre as manager. He’s also an active member of Gort na Móna CLG....

Rugadh agus tógadh Orliath I gCnoc na Foinse sa cheantar agus tá sí ag tógáil clainne anois i gCnoc Dhiarmada. D’fhreastal sí ar Bhunscoil Phobal Feirste agus Meánscoil Feirste agus chuaigh sí isteach san obair óige fríd Youth Action agus Ionad na mBan, i mBaile Uí Mhurchú. Chaith sí seal mar Oibrí óige le Foireann óige an Iontaobhas Forbartha Uachtar Chluanaí agus Ionad Pobail agus Óige Newhill sula dtáinig sí ag obair le Glór na Móna mar chomhordaitheoir óige Cathrach na heagraíochta. D’fhás an earnáil go suntasach faoina stiúir agus is Stiúrthóir anois í ar an eagraíocht Reigiúnda Óige Gaeilge,...

Rugadh agus tógadh le Gaeilge Pilib Mistéil ar Ghaeltacht Bhóthar Seoighe. Is príomhóide é ar Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh sa cheantar ó bhunaíodh na scoile. Chaith sé seal mar chigire leis an Roinn Oideachais agus is Cathaoirleach é ar Iontaobhas na Gaelscolaíochta.   Pilib was born and raised through Irish on the Shaws Road Gaeltacht. He has been the Principal of Bunscoil an tSléibhe Dhuibh in the area since the school’s foundation. He spent a period as an inspector with the Department of Education and is Chairperson of the Irish Medium Trust Fund....

Rugadh agus tógadh Liam in Iarthar Bhéal Feirste. D’fhoghlaim sé Gaeilge nuair a cuireadh i bpríosún é sa Cheis Fada ó 1967 go 1984. Nuair a scaoileadh saor é, bhí ról lárnach aige san ghníomhaíochas Ghaeilge agus obair forbartha pobail i gceantar an Uachtar Chluanaí, an áit ina raibh Féile Chnoc na Foinse lonnaithe. Bhog sé go Gaillimh ar feadh tamaillín agus thug sé faoi chéim Ghaeilge is Stair ag Ollscoil na Gallimhe agus cúrsa MA sa soceolaíocht. D’fhill Liam ar ais go Béal Feirste agus bhí sé lárnach san obair forbartha pobail in Iarthar Bhéal Feirste ó shin. I...

Rugadh agus tógadh Ciarán i gCorcaigh agus bhog sé go Baile Uí Mhurchú in Iarthar Bhéal Feirste níos moille sa saol in a dhiaidh dó tabhairt faoi thuras domhánda. Ba cheannaire óige é de chuid Cumann Tionántaí Bhaile Uí Mhurchú agus chuidigh sé leis na féiltí san Uachtar Chluanaí a reachtáil in 1973-4. Bhunaigh sé croílár nuálach don phobail is don mhuintir óg ó theach lonnaithe i mBaile Uí Mhurchú. Ar a bharr seo, d’oibrigh sé mar bhainisteoir in Ionad Acmhainní Uachtar Chluanaí agus bhí ról lárnach aige ag déanamh feachtasaíochta maidir le cúrsaí cheartas shóisialta sa cheantar agus bheith...