Seán and Seamus Mac Seáin

Seán and Seamus Mac Seáin

Rugadh agus tógadh an bheirt deartháir, Séamus agus Seán Mac Seáin, i mBéal Feirste agus, ar a bealaí féin, tá siad beirt tar éis cur le saol na Gaeilge i mBéal Feirste agus níos faide i gcéin.

Bhí baint nach mór acu le forbairt phobal, agus pobail éagsúla, na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste, go háirithe. Tá ainm na beirte, taobh le daoine iontacha eile, luaite le bunú tionscadail phobail ar nós, bunú Chultúrlann MacAdam/Ó Fiaich agus bunú Choláiste Feirste.

Tá bunú Ghaeltacht Bhóthair Seoighe ar cheann de bhuaicphointe forbartha na Gaeilge i gCathair Bhéal Feirste. Tá sé tráthúil go bhfuil pobal bhunaithe na Gaeltachta sin ag ceiliúradh 50 bliain i mbliana, 2019, agus an bheirt dheartháir Mhic Sheáin gafa lena bunú. Faoi 1969 bhí cúig theach tógtha agus diaidh ar ndiaidh tógadh 31 teach. D’fhás pobal breá Gaeilge as na teaghlaigh a tógadh sna tithe sin. I mí Meán Fómhair 1971, ag éirí as bunú na Gaeltachta, cuireadh tús le “Bunscoil Ghaeilge Bhéal Feirste” mar a tugadh uirthi ag an am (nó Bunscoil Phobail Feirste mar atá uirthi anois) agus níos moille anonn Coláiste Feirste (nó Meánscoil Feirste mar a bhí uirthi ag an am) a bhí mar shíol do bhunú Chultúrlann MacAdam/Ó Fiaich.