Creideann muid gur féidir leis an tionscadal oidhreachta seo an pobal áitiúil a chumhachtú chun stair ón bhun aníos a chaomhnú, a chíoradh agus a scaipeadh. Cinnteoidh seo mothúcháin is úinéireacht chomhcoiteann ar an stair seo a bheirfeas deis don rannpháirteachas is leithne sa tionscadal. Is é an sprioc atá againn nascadh le réimse leathan eagraíochtaí pobail agus díograiseoirí áitiúla le go dtig linn stair shóisialta chultúrtha nádúrtha agus timpeallachta don phobal bhunaicmeach bhrodúil seo a chíoradh agus a chraobhscaoileadh.
Tá clú agus cáil ar an Uachtar Chluanaí agus ar mhórcheantar Bhaile Uí Mhurchú as cumas eiseamláireach an phobail seo chun tionscadal spreagúil féinchuidithe a fhorbairt thar tréimhse 50 bliana. Is í aidhm an tionscadail seo an stair atá faoi cheilt a nochtadh agus a dhéanamh mar achmhainn pobail a dhaingníonn agus a neartaíonn bród agus dlúthbhaint an phobail leis an cheantar áitiúil.
Is ríthábhachtach go bhfuil mír ar leith sa togra ag plé le stair bhéil a bheirfeas deis don phobal seo stair fhuinniúil agus athléimeacht phobal an Uachtar Chluanaí a chaomhnú le cinntiú nach gcaillfear é do na glúnta le teacht.
Our community heritage project; ‘Faoi Scáth an tSléibhe- Connecting People and Place in the Upper Springfield Area’ aims to empower the local community to chart, explore and disseminate their own history from below. Our aim is to engage with a range of local community organisations and local people to uncover, explore and excavate the social, cultural, natural and environmental history of our proud working-class community.
‘The Upper Springfield and Greater Ballymurphy area is renowned for its exemplary ability to develop ground-breaking community self-help initiatives spanning over 50 years and our project aims to preserve, showcase and make this hidden history accessible as a valuable community resource that helps embed and strengthen the communities pride and connection to local place.
It is particularly significant and exciting that there is a specific oral history element to the project which will ensure that the fascinating history making endeavours of this dynamic and resilient Upper Springfield community will not be lost to the generations to come.